Eolas Do Bhainisteoirí
Bainisteoirí/Traenálaithe
- Bí in am, réitithe go cuí, bí i do cheannaire eiseamláireach.
- Ná bí ag caitheamh ná ag ól os comhair imreoirí. Ná tar ag traenáil nó cluiche agus ól déanta agat. Caithfear an riail dhian seo a chur i bhfeidhm ar mhaithe le sláinte agus sábháilteacht na mball go léir.
- Tapaigh gach deis cúrsaí breis oiliúna a dhéanamh chun cur le do chuid scileanna traenála. Tabharfaidh an coiste gach cúnamh duit maidir le heolas faoi na cúrsaí seo agus costais taistil.
- Bí freagrach, tabhair aird ar ghearán nó ar imní a léiríonn gasúr maidir lena p(h)áirt sa spórt.
- Bí eolach ar ghasúir a thraenáil.
- Bíodh gach seisiún pleanáilte agus ullmhaithe i gceart.
- Agus traenáil á heagrú; cur aois, cumas, taithí, láidreacht agus aibíocht na n-imreoirí san áireamh.
- Bí dearfach sna seisiúin traenála, ionas go bhfágfaidh imreoirí le féinmhuinín.
- Ná bain an iomarca cluichí as imreoirí óga maithe. Bí féaráilte agus tabhair deis imeartha do gach imreoir.
- I dtaobh imreoirí faoi aois, ná bíodh an bhéim ar fad ar chluichí a bhuachan, tá an imirt agus taitneamh a bhaint aisti tábhachtach chomh maith. Tá polasaithe sábháilteachta riachtanach. Sa mhéid seo, tabhair seans imeartha do na himreoirí ar fad ar an bpainéal i gcluichí. Má tá imreoir ag traenáil, ba cheart seans a thabhairt dó/di i gcluichí is cuma cén cumas atá aige/aici.
- Bíodh meas ar fhoirne eile agus ar a lucht bainistíochta.
- Muin iompar spórtúil do na himreoirí agus bíodh an deis acu é seo a léiriú.
- Muin dea-iompar is cuma más buacach nó caillteach.
- Muin an difear idir ceart agus mícheart; bíodh tuiscint ag na gasúir ar a bhfreagrachtaí.
- Ná béic ar imreoirí agus ná bí ag magadh fúthu má dhéanann siad botún.
- Ná cuir aon phionós corpartha i bhfeidhm.
- Mol an óige. Is é an iarracht is tábhachtaí.
- Bí eolach ar ghortuithe agus lorg comhairle ó shaineolaithe.
- Má bhíonn foirne faoi aois ar thuras, caithfidh seomraí codlata ar leith a bheith ag daoine fásta, ag buachaillí agus ag cailíní.
- Bí airdeallach ar chásanna ar leith a d’fhéadfaí míchiall a bhaint astu agus a bhféadfaí líomhaintí ar iompar mígheanasach a chur ina leith e.g. fanacht i dteach an traenálaí thar oíche, ramhaltaíocht, jócanna etc.
- Seachain lámh a leagan ar imreoir go míchuí agus teicnící á dtaispeáint nó garchabhair á thabhairt.
- Ná déan seisiún traenála leat féin ariamh.
- Ná bí leat féin i gcarr nó sa seomra feistis le himreoir óg.
- AG CLUICHÍ – Bíodh an feisteas cuí lena dathanna cuí ar gach imreoir sa gclub.
- Bí eolach faoi chleachtais clárúcháin, árachas agus físteiripe an chumainn.
- Bí eolach ar an dochtúir atá ar duité ar dáta an chluiche.
- Nótaí a choinnéal faoi mí-iompar imreoir.
- Tuarisic an reiteora: Déan cinnte go gcuirfidh an reiteóir ina thuarisic má gortaíodh imreoir.
I gcás timpiste ag cluiche nó ag traenáil:
Má tharlaíonn timpiste caithfear an fhoirm i gcás timpiste (Aguisín 4) a líonadh isteach agus a thabhairt don Oifigeach Cúram leanaí. D’fheadfadh go mbeadh an t-eolas seo uaidh
cláraitheoir an chumainn.
Treoracha sa gcás go dtarlaíonn timpiste
- Má tharlaíonn timpiste caithfear an fhoirm i gcás timpiste (Aguisín 4) a líonadh isteach agus a thabhairt don Oifigeach Cúram leanaí.
- Glaoigh ar dhochtúir más gá.
- Tabhair scéal do na tuismitheoirí/caomhnóirí gur tharla timpiste má gortaíodh gasúr.
- Deán iarracht rudaí a fheabhsú má chiallaíonn sé go bhféadfaí timpiste a sheachaint .
Aguisín 4 CLG An Cheathrú Rua
Tuairisc Timpiste
| TRAENÁLAÍ A BHÍ I LÁTHAIR:
|
|||
| AINM AN DUINE A GORTAÍODH:
|
|||
| DÁTA BREITHE:
|
|||
| SEOLADH:
|
|||
| SONRAÍ NA TIMPISTE
________________________________________________________
________________________________________________________ |
|||
CÉ CHOMH DONA AGUS A BHÍ AN TIMPISTE
|
|||
| Ar TUGADH GARCHABHAIR?
|
|||
| An dTEASTAÍONN TUILLEADH COMHAIRLE DOCHTÚRA?
|
|||
| Ar CUIREADH na TUISMITHEOIRÍ/CAOMHNÓIRÍ AR AN EOLAS?
CÉ A RINNE É?
|
|||
| SÍNIÚ: DÁTA: |

