Cód Iompar Baill Óga
Cód Iompar d’Imreoirí óga:
Aidhm na gcluichí ná spóirt a bheith agat, feabhas a chur ar do chuid scileanna agus a bheith folláin.
- Imir go cóir ar mhaithe le spraoi agus a bheith mar pháirt de chlann an CLG
- Déan do dhícheall agus imir de réir na rialacha.
- Imir le foighid.
- Bí spóirtiúl. Bíodh meas agat ar shár-imirt de shaghas ar bith. Ná bí ag eascainí ar an bhfoireann eile, ar oifigigh, ar thraenálaithe ná ar bhainisteoirí.
- Bíodh meas agat ar do chó-imreoirí agus imreoirí ar fhoirne eile, is cuma má imríonn siad go maith nó nach n-imríonn.
- Ná déan bulaíocht ar aon imreoir ná ar éinne eile. Ní ghlacfar leis. Tá cúnamh ar fáil dhom má tá bulaíocht a dhéanamh orm
- Is í an ghaeilge teanga an chumainn agus an cheantar. Labhraím i gconaí í agus beidh meas agam uirthi.
- Is spórt foirne é an Pheil Ghaelach agus caithfidh tú có-oibriú le do thraenálaithe, imreoirí agus baill eile den Chlub.
- Glac le cinneadh an réiteora. Is féidir le do chaiptaen nó do thraenálaí ceisteanna a chur.
- Glac buíochas leis an bhfoireann eile agus an réiteoir tar éis an chluiche.
- Páirt den spórt is ea buachaint agus cailleadh. Bí ómasach nuair a bhuann tú agus nuair a chailleann tú.
- Déan freastal ar chuile seisiún traenála.
- Déanfaidh mé breis chleachtadh ar mo chuid scileanna sa mbaile.
- Cur in iúl do bhainistíocht na foirne roimhré i gcónaí munar féidir a bheith i láthair le haghaidh traenála nó cluichí.
- Cuimhne go bhfuil tú ag imirt ar do shon féin, ar son do chumann, do chlann agus an CLG.
Coiste Peile na nÓg na Ceathrún Ruaidh
Cód Iompar do thuismitheoirí
- Cuimhnigh go n-imríonn daoine óga ar mhaithe leo féin, ní ar mhaithe leatsa amháin.
- Tabhair tacaíocht dod’ chlann na rialacha a leanacht i gcónaí.
- Inis dod’ pháiste go bhfuil iarracht chomh tabhachtach le buachaint agus nach gá a bheith brónach tar éis cluiche is cuma cén toradh.
- Tabhair tacaíocht do na páistí scileanna agus cothram na féinne a chur chun cinn.
- Déan breis chleachtadh le do mhac/iníon sa mbaile.
- Ná bí ag tabhairt amach faoi, nó le páiste ar bith as ucht botún a dhéanamh nó cluiche a chailleadh.
- Ná cur béim ar chluiche a bhuachaint thar aon rud eile.
- Is í an ghaeilge teanga an chumainn agus an cheantar. Cuirfidh mé é seo ina luí ar mo ghasúr.
- Déan iarracht drochúsáid teanga a ghearradh amach as spórt an CLG i gcónaí.
- Ná bain úsáid as droch fhoclaíocht nó ná bí ag cur as do réitóirí, traenálaithe nó imreoirí.
- Tuismitheoirí, déan cinnte go n-iompraíonn do mhac/d’iníon iad féin go múinte i gcónaí ag traenáil, ag cluichí, ar bhusanna chuig cluichí nó aon imeacht de chuid an chumainn. Déan cinnte go leanann siad aon treoir a thugtar dóibh ón duine fásta atá i gceannas.
- Glacam leis go gcaithfidh mo pháiste Cosain Fiacla a chaitheamh ag traenáil agus ag cluichí agus nach mbeidh sé/sí in ann imirt ná traenáil gan ceann.
- Glacaim leis nach féidir ach cúram fisiteiripe an chumainn a usáid le gortaithe mo mhac/iníon gan treoir a fháil ó dhochtúir i dtosach agus caithfear é a chur in iúl do bhainisteoir an fhoireann sula ndéanfar coinne.
- Tabhachtacht:Tuigim nach n-íocfaidh CLG na Ceathrún Ruaidh aon chostaisí ospidéil/leighis/fiaclóra muna bhfuil na foirmeacha cuí árachas líonta amach agam taobh istigh de 30 lá. Tá an freagracht go h-iomlán ar an tuismitheoir é seo a chuinntiú.Tá an fhoirm árachais le fáil ó 0861050970.
Glacaim go bhfuil mé freagrach as mo iompar agus as iompar mo mhac/iníon le CLG na Ceathrún Ruaidh agus má sháraim nó mo mhac/iníon an Cód Iompar is féidir é sin a cheartú trí chéimeanna an Pholasaí Iompar.
| Síniú Tuismitheoir/Caomhnóir:
|
Dáta: |

