Fáiltiú

Cuirim fáilte romhat chuig suíomh idirlíon Cumann Peile na Ceathrún Ruaidh.

Tá súil agam go bhfaighidh tú pé eolas tá uait ón suíomh seo, suíomh a bhéas a fhorbairt de réir a chéile. Cuireann an cumann seo cúig fhoireann déag chun páirce idir cailiní agus buachaillí,daoine óga agus fásta ó cheann ceann na bliana. Táimid buíoch do chuile dhuine a thugann cúnamh dhúinn go deonach idir baill choiste, traenalaithe agus cuiditheoirí.Táimid buíoch dóibhsiúd ar fad freisin a cheannaíonn lotto an chumainn, príomhfhoinse airgeadais an chlub.

Is féidir tacú leis an lotto go h-áitúil ins na siopaí nó ar líne ag locallotto.ie/ancheathrurua.Má tá fonn ort cúnamh a thabhairt dhúinn ar bhealach ar bith is féidir fáil i dteagmháil liom ag cathaoirleachclgcrua@eircom.net. Seo iad foirne do pharóiste, gaolta, cairde, comharsain béal dorais. Seasfaimid agus tacaimid lena chéile.

Peadar ó Loideain Cathaoirleach